menu

Lyrics: Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Cóiriú

Artist: Clannad
Song: Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Cóiriú
Released: 1976
Rating: 39.0 out of 100Please log in to rate this song.
Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Cóiriú lyrics
Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Go mbearraidh mé féin do chúl
Go dté muid 'soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé 'gus tú
Bhí grá 's cion agam féin ort
A chuid 'en tsaol éalaigh liom
'S nach duine dona gan chéill
A scarfadh ó chéile sinn

Aisling a chonaic mé aréir
Ar leaba agus mé i mo luí
Go dtáinig sí chugam mar fhéirín
Ainnir na gciabhfholt buí
Bhí a órfholt snoite go féar léi
Is níl tuile da mhéid nach gclaíodh
Ó is, a Rí, ér mhiste do chléir é
Dá gcodlóinn aréir le mnaoi?

Is trua gan mise is an niamh bheag
Na leice mílte ó chuan
In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaig
Mar a thiteas na néalta chun suain
An áit a mbíonn an nead ag an éanlaith
An fiolar, an ghéag is an chuach
Chuirfinnse gease ar an éan bheag
Solas an lae thabhairt uainn

Éirigh is cuir ort do chuid éadaigh
Go mbearraidh mé féin do chúl
Go dté muid 'soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé 'gus tú
Bhí grá 's cion agam féin ort
A chuid 'en tsaol éalaigh liom
'S nach duine dona gan chéill
A scarfadh ó chéile sinn

Sponsored Links

Tags on Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh Cóir...

Login to add tags.

Popularity Éirigh Is Cuir Ort Do Chuid Éadaigh CÃ...

May
2023
Jun
2023
Jul
2023
Aug
2023
Sep
2023
Oct
2023
Nov
2023
Dec
2023
Jan
2024
Feb
2024
Mar
2024
Apr
2024

Review this song:



To make sure you're not an annoying spambot, please give the correct answer to this calculation:
an an an =

Reviews Éirigh Is Cuir Ort Do Ch...

No reviews yet! Be the first to make a contribution!
Moron.nl Guide

Still haven't found what you're looking for?